Tá cúrsaí draenála mar chnámh spairne againn le blianta. De bharr go bhfuil an pháirc níos ísle ná an bóthar agus go bhfuil sí  tógtha ar phortach, is minic a bhíonn fadhb againn le huisce a bheith uirthi. Ciallaíonn sé seo go mbíonn sí dúnta idir Deireadh Fómhair agus Aibreán agus cuirtear cluichí ar ceall de bharr titim trom báistí idir Bealtaine agus Meán Fómhair. Tá ár seomraí feistis róbheag anois agus níl siad in ann freastal ar ár bhfoirne, go háirithe nuair atá dhá cluiche ar bun ar an lá céanna. Tá trealamh an giom stóráilte i seideanna sealadacha le taobh na seomraí feistis