Fógraíodh i 2023 go mbeidh Comórtas Peile Na Gaeltachta ag teacht go Carna don chéad uair riamh i 2028. Fáilteoidh muid roimh 30 foireann agus na mílte lucht leanúna do dheireadh seachtaine lán go béal le craic, peil agus cultúr ársa na háite. Is onóir mhór dúinn é an comórtas a reáchtáil agus tá díocas orainn scoth an chomórtais a bheith againn le linn an deireadh seachtaine.  

Feicfear sluaite i gCárna le linn  an deireadh seachtaine i mí Meithimh  2028 nach bhfaca an pobal riamh roimhe seo. Imreofar os cion 30 cluiche peile agus le neart imeachtaí sóisialta ina measc. Beidh an comórtas náisiúnta mar ‘Filleadh ar an bhfód dúchais’ freisin mar go bhfuil an cumann ag obair le grúpaí chun diaspóra na háite a fháiltiú abhaile don ócáid chun súp a bhaint as an bhféasta peile, teanga agus cultúir.