Balla an chumainn

Gearrfar ainmneacha na ndaoine/ na dteaghlach a thug airgead ar feadh na 5 bliana ar phlaic a  bheidh greamaithe ar bhalla na n-áiseanna nua i gCárna. Is comhartha buíochais a bheidh ann.

Fiafraíonn muid ar chuile dhuine atá bainteach leis an gcumann seo; imreoirí, iarbhaill agus baill reatha tacú leis an iarracht aonuaire seo ar mhaithe lenár gcumann agus lenár bpobal.  Ba bhreá linn tuismitheoirí na n-imreoirí óga a spreagadh chun teacht ar bord linn de bharr gurb iadsan na daoine is mó a bhainfidh leas agus tairbhe as an bhforbairt seo