CAIRDE CARNA CAISEAL

CÉARD É CAIRDE CÁRNA CAISEAL?

Is ciste fadtéarmach é Cairde Cárna Caiseal atá chun áiseanna den chéad scoth agus páirc peile nua a thógáil le taobh an ceann atá againn anois i sráidbhaile Chárna .

Déanfaidh fochoiste de chuid an chumainn bainistíocht ar an togra seo. Beidh siad i gceannas ar an bhfeachtas bailiúcháin airgid agus leis an togra a thabhairt chun críche

An sprioc atá ag Ciste Cairde Cárna Caiseal ná ar a laghad 250 duine a mhealladh chun tacú leis an bhfeachtas ar feadh 5 bhliana. Braitheann an fad ar an méid daoine a thugann a bhfocal tacaíochta ach ceaptar go mairfidh sé 5 bliana. 

Cuirfear  ár n-iarratas ar chead pleanála isteach go luath i 2025. Cuirfear pleananna an togra faoi bhráid na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ag lorg maoinithe.

CÉ IAD CAIRDE CÁRNA CAISEAL?

Is cairde iad seo dar gcumann, idir imreoirí reatha agus iar-imreoirí, lucht leanúna dílse atá ag baile agus thar sáile, ó Iorras Aithneach, An Caiseal, Cloch na Rón agus iad siúd uilig a fheiceann Cárna Caiseal mar chuid lárnach dá n-oidhreacht. Is deis iontach í seo do chlainnte, do theaghlaigh agus do dhaoine tacaíocht a thabhairt don fhorbairt stairiúil seo nach bhfuil cónaí orthu sa gceantar níos mó. Níor chuir iargúltacht na háite ná ár lonnaíocht tíreolaíochta ar imeall an Atlantaigh bac orainn riamh sa saol grá a bheith againn do na cluichí Gaelacha. Fuair muid bealaí fiúntacha chun dul in iomaíocht in aghaidh na foirne ab láidre i nGaillimh agus peileadóirí den scoth a sholáthar d’fhoirne éagsúla na Gaillimhe a fáisceadh ó dhumhcha Mhuighinse, An Caiseal amach go dtí An Plantation. Ní raibh aon lá riamh nach raibh muid bródúil den méid atá bainte amach againn agus muid ar bís chun bunchloch láidir a leagan don chéad ghlúin eile.

Is fúinne atá sé, ár mbaill, ár gclainne, ár ndiaspóra agus ár bpobal chun an toradh is fearr a thabhairt don chumann. Cinnteoidh do thacaíocht go mbeidh na háiseanna is gCárna ar chomhchéim leis na háiseanna is fearr fud fad na tíre agus muid ag ullmhú ár bhfoirne agus imreoirí d’onóracha eile sna blianta amach romhainn. Teastaíonn do thacaíocht.

 

CÉN CHAOI A N-OIBREOIDH SÉ?

Ag tosú mí Deireadh Fómhair 2024, tá muid sa tóir ar a laghad 250 duine chun €250 a thabhairt don chiste in aghaidh na bliana ar feadh 5 bliana. Bunaithe ar na huimhreacha sin, bheadh €312,500 tagtha isteach sa gciste thar na tréimhse 5 bhliana.

Mar chuid den fheachtas, cuirfear d’ainm isteach i hata do Chrannchur bliantúil chun seans a bheith agat na duaiseanna airgid tirim a bhuachan. Beidh an chéad tarraingt le linn mí na Nollag 2025

 

Duaiseanna

Má bhíonn 250+ síntiúsóirí againn beidh duaiseanna 5x €1000 againn

Má bhíonn 200+ síntiúsóirí againn beidh duaiseanna 4x €1000 againn

Má bhíonn 150+ síntiúsóirí againn beidh duaiseanna 3x €1000 againn

Má bhíonn 100+ síntiúsóirí againn beidh duaiseanna 2x €1000 againn

CÉN FÁTH É SEO A DHÉANAMH?

Níl na haiseanna reatha atá i gCárna in ann an t-ualach foirne peile atá againn a sheasamh. Tá 7 bhfoireann ag peil na mBan ó rinneadh athbheochan orthu cúpla bliain ó shin, éacht iontach agus iad ag fás agus ag forbairt. Tá ár bhfoirne faoi aois ceangailte leis Na Piarsaigh, rud a chiallaíonn nach raibh an méid foirne riamh ag dul chun páirce is atá anois.

 Tá naoi bhfoireann déag ag úsáid na páirce i láthair na huaire. 

6 fhoireann faoi aois do chailíní

10 bhfoireann faoi aois do bhuachaillí

3 fhoireann do dhaoine fásta

NA FORBAIRTÍ

Is deis iontach í theacht an Chomórtais Náisiúnta go Carna chun forbairt a dhéanamh ar áiseanna an chumainn ar mhaithe le baill an chumainn agus muintir an phobail.

Tá pleananna leagtha amach againn chun páirc nua agus seastán (CÉIM1) agus ionad spóirt faoi dhíon (CÉIM 2) a thógáil ar thailte an chumainn i gCárna. 

Tá dhá acra déag ceannaithe ag an gcumann le hais na páirce atá ann faoi láthair. Tá innealtóirí i mbun a gcuid oibre anois. Táthar ag súil go gcuirfear iarratas pleanála isteach don chéad pháirt go luath i 2025. 

Déanfar iarratas ar dheontas a chur chuig Roinn na Gaeltachta do €2m nó 80% den chostas i 2025. Cuirfidh CLG Cárna Caiseal €500,000 suas chun an fuílleach a chlúdú do CÉIM1.

D’éirigh linn €115K a bhailiú i 2023 ó thacaíocht an phobail. Beidh €385K eile le bailiú againn roimh 2028.

Tá muid thar a bheith buíoch do chuile dhuine a thacaigh linn go dtí seo sa bhfeachtas pobail. Fáiltíonn muid thú anois chun a bheith páirteach sa gcéad chaibidil eile de scéal agus todhchaí an chumainn. Déan infheistíocht sa gcumann agus sa todhchaí . 

MAOINIÚ AN TIONSCADAIL 

CÉIM 1
Bainfidh costas measta de €2.5m le chéim 1, a chinnteoidh go mbeidh an pháirc nua réitithe do chomórtas peile na Gaeltachta i 2028. Ceannach na talún agus táillí, comhairliúchán poiblí, léaráidí ailtireachta a dhearadh. Innealtóirí a cheapadh, iarratas pleanála a leagan isteach. An pháirc nua le claí, bealaí siúlóide agus seastán do lucht leanúna a thógáil. 


Costais Céim 1

Ceannach na talún agus táillí - €71,000
Tógáil na Páirce. (bealach rochtana, áiseanna taobh páirce & seastán san áireamh) - €2,220,000
Sainchomhairleoireacht innealtóireachta  - €210,000

€2,501,000

Foinse Maoinithe
Táthar ag súil le tacaíocht Stáit - €2,001,000
Bailiú airgid go dtí seo - €115,000
Maoiniú a theastaíonn suas go 2028 - €385,000                              €2,501,000 

 PLEAN MAOINITHE

 CÉIM 1: AN TÓGÁIL 

Tá gá le plean uaillmhianach chun go mbeidh muid in ann €380,000 a bhailiú roimh 2028. Tógfaidh sé seo obair chrua agus díograis ó Choiste Áiseanna Spóirt Cárna Caiseal, ón bpobal agus ó Chairde Cárna Caiseal

Airgead bailithe 1 Deireadh Fómhair 2024                                                                                                        €115,000 
Euromillions, Bailiú Miotail, Turas Rothaíochta chuig na Rosann, Comharthaí ag Páirc Chárna Turas go Londain, Leabhar staire Chárna Caiseal
 
Bailiú airgid Cairde Cárna Caiseal (glan)                                                                                           €287,500
Feachtais bailiúcháin eile 2025-2028                                                                                     €97,500
Beidh an méid a bhaileofar ó Chairde Cárna Caiseal ina chéatadán ard den chiste áitiúil a bheas ag teastáil chun an plean a mhaoiniú. Beidh sé sin mar chuid den iarratas pleanála a chuirfear faoi bhráid na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán chun maoiniú a fháil.
Tá costas meastacháin de €2.5m luaite le CÉIM 1. 

 CÉIM 2 Amscála - 2028-2030 

Ag tógáil na háise faoi dhíon le seomraí feistis nua, seomraí cruinnithe agus giom poiblí & halla. Tógfar iad seo tar éis Chomórtas Peile na Gaeltachta i 2028. 

 RANNÓG ÍOCAÍOCHTA 

CEISTEANNA COITIANTA FAOIN SCÉIM BAILITHE AIRGID?

  • Tá sé i gceist againn meascán de ghníomhaíochtaí tiomsaithe airgid sa gclub, deontais spóirt, iasachtaí agus deontóirí a úsáid chun na forbairtí seo a mhaoiniú. Is é Cairde Cárna Caiseal ceann de na rudaí is tábhachtaí den tiomsú airgid sa gclub. Má tá muid chun ár bhfís a bhaint amach, teastaíonn tiomsú airgid shuntaisigh sna 5 bliana amach romhainn.

  • Is iad baill an chlub a bheas ina bpríomhdheontóirí sna forbairtí seo, agus plean againn chun airgead a bhailiú go míosúil nó go bliantúil thar 5 bliana. Tá an club ag iarraidh síntiús €250 in aghaidh na bliana a fháil agus is féidir €21.66 a íoc in aghaidh na míosa nó €250 a íoc ina iomlán in aghaidh na bliana.

  • Tá an club ag iarraidh 250 duine a fháil agus chruinneodh sé sin €62,500 sa mbliain. Is í sprioc na scéime ná 250 baill a fháil chun a bhfocal a thabhairt go dtacóidh siad leis an gciste seo chuile bhliain ar feadh tuairim is 5 bliana.

  • Fáiltíonn Cairde Cárna Caiseal roimh shíntiús ar bith ó dhaoine atá ina gcónaí thar sáile agus is féidir leo ClubZap a úsáid.

  • Fáiltíonn Cairde Cárna Caiseal roimh shíntiús ar bith ó chomhlachtaí freisin. Is féidir le comhlachtaí síntiúis a chur in aghaidh cánach ina gcuid tuairisceáin chánach aonair.

  • Is féidir íocaíochtaí míosúla a dhéanamh trí ClubZap nó trí bhuanordú. Is féidir íocaíochtaí bliantúla a dhéanamh trí ClubZap, le seic nó trí aistriú bainc. Má tá tú ag iarraidh íocaíocht a dhéanamh le seic, buanordú nó aistriú bainc, déan teagmháil le cairde@carnacaiseal.ie agus tabharfar na sonraí bainc duit.

  • Is féidir. Le haghaidh íocaíochtaí le seic ní gá ach cibé méid a íoc. Le haghaidh íocaíochtaí níos airde ar ClubZap, déan teagmháil le cairde@carnacaiseal.ie & socrófar é.

  • Is féidir. Beidh tú in ann an síntiús a chealú tráth ar bith.

  • Cuirfear an t-airgead isteach i gcuntas atá imfhálaithe d’fhorbairt na páirce agus na n-áiseanna seo amháin. Ciallaíonn sé seo nach n-úsáidfear an tairgead sin le haghaidh costais ó lá go lá. Cuirfear an t-eolas is deireanaí faoin airgead ar fáil chuile bhliain ag an gcruinniú cinn bhliana agus i gcuntais Bhliantúla an Chlub.